Imleabhar: CBÉ 0148

Dáta
9 Nollaig 1935
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 533

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 533

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    21
    "F
    533
    chuir as a’ mbóthar, i máiseadh ba mhaith a’ díol ar
    a’ gcapall é, do chómhraic an capall í go dtí gur
    bhuinn sé an tig amach, g ní thúisce do tháinig
    sé sa yard ná chaith sé é féin anuas do’n
    chapall agus le ’n-a línn sin do bhuínn a’ capall
    an stábla amach- ’bhí dorus a’ stábla ar oscailt
    í níor chuímhnimh sé riamh ar chómhairle Seáin-
    ' Seán leis an capall agus a’ spridh do bhreith
    isteach sa tig, ná fiadfadh sí corruíghe as an
    áit go raibh sí ach a’ scian ’fhágan’ inntí, i do
    chualadar a’ capall a’ scriachaig amach san
    oidhche i nár mhairbh an ceann eile an capall
    i dtaobh a reádh gur thug sé an ceann eile ar
    chúlaibh an mháighistir, agus nuair a chuadar sa stábla
    ar maidin amáireach ní raibh aon tuairisg ar
    a’ gcapall ach na cnámha agus an scian ’n-a sheasam
    a gcuirnín beag fé mar a bheadh lán lucket
    de ghlóthach fhróg. Do chualadh é sin ó fhear ’o
    mhuintir Chathasaig go nglaodhaimís Tomás ná
    beárnan air bhí i nGleann Bheithe. Ó, muarán
    bliadhanta ó shoin, tá sé go h-áirithint é os cionn
    deich mbliadna agus dachadh, agus fear go raibh- ’á
    gcuímhineóin-se air - go raibh an oireadh eachtr-
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir