Volume: CBÉ 0148

Date
9 Nollaig 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 502

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 502

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. Do bhí beirt drithár de ghaibhnibh sa bhaile go
    gcómhnuíghim-se, agus beirt d’fhearaibh de Mhuíntir
    Mh’ruchadha a b’eadh iad san [ó ba chuímhin liom iad - do bhí aithne mhaith agam orrtha ó bhíos ocht mbliana d’aos. Ó, is fada dhóibh caillte. táid siad caillte le muarán bliadanta - is dócha go rabhdar leath-chríona san am go raibh aithne
    agam-sa orrtha]. Well do chonnac iad san agus do
    cuireadh ad iarra’ ramhainne me féinig agus ní rabhdar dianta agus chaitheas teacht thar n-ais ag do chuaidh duine ba shine me fé ’n-a ndéin agus ’dir
    mise dhul abhaile agus an fear eile ’dhul chun cínn - bhí tig an óil cóngarach do’n cheárdchainn - do bhí sé thréis leath phiúnt fuisgí a thabhairt chun duine
    'ca, agus dá bhfanfainn-se do dhianfadh sé mo chuid
    féin, ach chómh luath agus do fuair sé an fuisgí do dhírigh sé ar ramhainn an fhir eile agus do chaith mo dhritháir-se fanúint ann go dtí maidean gheal a’ laé ’n-a dhiaidh sin, do bhí sé
    ró-dheireannach chun teacht abhaile agus bhí an bheirt
    ar dhá gceann na ceárdchann agus iad a’ dianamh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Item type
    Lore
    Language
    Gaeilge
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant