Volume: CBÉ 0148

Date
9 Nollaig 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 168

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 168

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. Do chómhnuig fear fudó a mbarra Na h-Aoine agus ’sé an ainm do bhí ar a’ mbaile gur chómhnuig sé, An Chuilseach(1). Ní raibh ainní aige ach tigh beag fuar follamh ar thaobh a’ bhóthair, agus do
    chómhnuigh fear ar a’ bhfaiche(2) gurbh ainm do
    "Seán Ó Raithille agus do bhíodh sé ’gnó agus ag obair aige agus a’ gabháilt de choíll a bhí aige agus do teidheadh sé ó dheas go m’nic go Drom Fada(×)
    a’ triall ar M'Clure (*). Capall iallaite a bheireadh Seán Ó Raithille leis a gcómhnuídhe agus do bhí sé d’ainm ar bhulach Oisín nár mhaith é bheith dianach un. Dubhairt sé an lá so le h-Éóghan Ó
    Chúrnáin. "Seadh ’nois," ar seisean, "bí im’ choinnibh."
    ar seisean, "a mbarra an Bhealaig agus beidh mé a’
    teacht," ar seisean, "ar an am so tímpal a naoi nó a deich a chlog." Do bhailbh Éógainín leis a

    (1) Cuisleach
    (2) Baile atá ar a' dteorainn leis a' gCaislig taobh thoir thuaidh do scoil na Caislí.
    (×) Drom Fada. Drom Mór ba cheart do a rádh.
    (*) M'Clure. Agent a bhí ag tighearna talún.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Item type
    Lore
    Language
    Gaeilge
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant