Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 Nollaig 1935
- Collector
- Locations

Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 231
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)bhrígh bhí le ubh an t-sicín dhuibh," ach siné an scial pé brígh bhí le ubh an t-sicín dhuibh. Ní foláir nó bhí brígh éintig leis.
- Bhí fear fudó ann gurbh ainm do Seán Ó Séaghdha na n-Ubh. Bhí sé a’ bailiúghadh ubh i's ga’h-aon áit dá bhfaigheadh sé iad agus ’á ndíol agus a’ dianamh ana-phrefit. Ba gheárr gur eirigh
sé as na h-uíbhe agus do thosnuig sé ar bheith a’ ceannach éisg agus ’á dhíol. Bhí eiread do’n iasg aige ’á dhíol gur thóg sé buachaill aimsire
agus bhí muarán éisg aca ’á dhíol agus tháinig tuairisg chuige lá síos i gConndae Luimnigh ná raibh aon iasg i n-ao’ chor lé fághail ann. D’imthigh sé féin agus a bhuachaill lé dhá ualach eisg agus bhíodar a’ cur díobh i gcaitheamh a’ laé agus ar theacht na h-oidhche ní raibh aon tig a’ bualadh leó agus bhíodar a’ fiachaint i's ga’ h-aon áit fiach a’ bhficfidís aon tig
agus ní raibh aon tig i n-aon radharc dóibh i(continues on next page)