Imleabhar: CBÉ 0148

Dáta
9 Nollaig 1935
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 428

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 428

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ortha ’chuir Mícheál ’n-a sgiath,
    Ortha ’chuir Dia le fórsa,
    Fear cneasta caoín, ag mnaoí bhuirb
    Dhin Corp Chríost a chuir ’n-a luíghe ar a’ gcolg aréir
    Deárna, a Mhuire leis a’ ngreim,
    I n-Ainm a n-Athar, a’ Mhic agus an Sprid Naomh.
    Ó, nuair a chuaidh a Mhaighdean agus a Mac a’ lorg bheith istig, dubhairt sí léi ná faigheadh sí bheith istig. Siné an scial.(é!) Ó, arsa a fear léi í fhágaint istig agus ar sise ná fiadfadh sí é mar a luigheadh
    sí sa cholg - ná fiadfadh sí é mar a luíghfídís sa cholg, ach siné mar do dhin sé annsan léi.
    Chuir, chuir Ár dTíghearna an duig ar a’ bhfear agus arsa a’ Mhaighdean Mhuire le h-Ár dTigheárna fíll agus an fear a leigheas, go raibh a’ fear go maith agus ar sise ca’ ’n-a thaobh gur dhin sé an teinneas a chuir ar a’ bhfear. Dubhairt sé chun soluíd a thabhairt
    do’n mnaoí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.