Imleabhar: CBÉ 0148

Dáta
9 Nollaig 1935
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 426

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 426

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. Seo paidir a bhí ag sean daoine fudó nuair a ’bheadh a’ bhó i dtinneas:
    "Go mbeannuíghe Dia thu a bhó,
    Go mbeannuighe Dia do laog.
    Go mbeannuíg Peadar agus Pól
    Fí dhó sibh araon." Siné é anois..
    [Paidir le rádh le h-aghaidh dul thar abhainn nó ar
    a’ bhfairrge] :
    "Tá an caise seo láidir doimhin,
    A Rí na Foidhne glac mo lámh,
    "Ar eagla neart na tuile tréine,
    "Á Mhuire saor sin is ná báidh."
    Diarfá é sin nuair a bheithfá a gabhailt thar an abhainn - thar a’ dtuile - nó sa bhfairrge
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir