Volume: CBÉ 0148

Date
9 Nollaig 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 529

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 529

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. Bhíodh muarán sprideanna sa t-siúbhal fudó agus do bhíodh sprid a dteóra Conndaé Luimhnigh agus Chiarraíghe go nglaodhaidís Sprid Bheárna An
    Choimín Dorcha errthi, agus do chuaidh a’ feirmeóir seo ar ghnó éigineach -a sochraid - agus do bhí tigh óil ar a shlíghe a’ teacht agus do mhoilligh sé sa
    tigh óil seo agus bhí sé air teacht go Ciarraíghe agus
    do bhí buachaill aige tamall maith d’aimsir roime sin ó Chiarraíghe agus do chailleadh aige é agus do chuireadh. Is é a’ cur de an bhóthair, bhí
    capall - bhí láir mhaith bhán aige, agus ma bhí aon capall lúsálta maith do bhí sí ar cheann aca.
    Chonnaic sé an buachaill roimis amach a’ bóthar - oidhche ana-gheal a b’eadh í agus b’úntach leis, dar leis féin cad a thabharfadh ann a’ fear do bhí
    caillthe cúrtha agus do mhoilligh sé an capall a gabháilt
    thairis. "Mhuise, a Sheáin," ar seisean, "an misde dhom
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Item type
    Lore
    Language
    Gaeilge
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant