Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)21
"F
533
chuir as a’ mbóthar, i máiseadh ba mhaith a’ díol ar
a’ gcapall é, do chómhraic an capall í go dtí gur
bhuinn sé an tig amach, g ní thúisce do tháinig
sé sa yard ná chaith sé é féin anuas do’n
chapall agus le ’n-a línn sin do bhuínn a’ capall
an stábla amach- ’bhí dorus a’ stábla ar oscailt
í níor chuímhnimh sé riamh ar chómhairle Seáin-
' Seán leis an capall agus a’ spridh do bhreith
isteach sa tig, ná fiadfadh sí corruíghe as an
áit go raibh sí ach a’ scian ’fhágan’ inntí, i do
chualadar a’ capall a’ scriachaig amach san
oidhche i nár mhairbh an ceann eile an capall
i dtaobh a reádh gur thug sé an ceann eile ar
chúlaibh an mháighistir, agus nuair a chuadar sa stábla
ar maidin amáireach ní raibh aon tuairisg ar
a’ gcapall ach na cnámha agus an scian ’n-a sheasam
a gcuirnín beag fé mar a bheadh lán lucket
de ghlóthach fhróg. Do chualadh é sin ó fhear ’o
mhuintir Chathasaig go nglaodhaimís Tomás ná
beárnan air bhí i nGleann Bheithe. Ó, muarán
bliadhanta ó shoin, tá sé go h-áirithint é os cionn
deich mbliadna agus dachadh, agus fear go raibh- ’á
gcuímhineóin-se air - go raibh an oireadh eachtr-(continues on next page)