Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 Nollaig 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- 262
Casgainne bainntríshe
"Táim ’á chlos riamh ó tháinig ciall ná cuímhne
dhom, agus do chuala ó dhaoine críona é bhí críon
"go leór nár mhaith é easgainne bainntríghe,
chómhnuig bainntneabhach tímpal agus chúig bliain
ag trí ficid ó shoin ar Chíll a’ ghoirtín gurbh
ainm di Nór’ ní Shéaghdha. Bhí mac aici gur
ainm do Mícheál Ó Curráin agus inghean gurbh
ainm di bríghidh ní Churráin. Bhíodar a’ teach
ó Chathair Shaidhbhín oidhche aonaig agus do bhuail
triúr cómharsan leó de mhuíntir Shúillobháin
"gurbh ainm do dhuine ’ca Mícheál ó súillobháin
Dhómhnall ó súillobháin, g Siobhán ní Shúillobháin
b’í sin a mháthair. Ní rabhdar ar thiarmaí
ana-mhaith go léir sa bhaile roime sin ach
d’eirig dispóireacht éigin eathortha ar a’
mbóthar a’ teacht ar shlíghe gur ghabhdar a
"gur stalladar agus gur stracadar a chéile.
Do cheap a’ bhainntreabhach gurb iad muíntir
Shúillobháin fé ndeara an t-achrann agus is
badhghalach go m’fhé’ gurbh iad leis mar do
bhíodar thugtha go leór chuige. Thug sí summ.(leanann ar an chéad leathanach eile)