Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 Nollaig 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní raghadh aon cheann aca isteach dóibh ná ceann
Seadh, thángadar sa yard ’n-a ndiaidh is d’imíodar aríst is thrialladar iad is mar a chéile
a b’eadh é, ní raghadh - ní leogfí isteach iad.
Seadh, tháinig sé seo abhaile is bhí na h-áinmhidhthe go léir sa yard roimis. Dheaghaidh sé
isteach is d’fhiafraigh sé dhíobh ca’ ’n-a thaobh nár chuireadar na ba sa pháirc sin d'airighthe is dubhhadar ná raghaidís isteach do-dóibh.
Thóg sé leis cleich is gadhar a bhí aige is thomáin sé na ba go dtí an geata is ní raghadh aon cheann aca isteach. Phreab sé féin isteach thar gheata, is amhal a bhí mo sheann-draoí istig cois a’ gheataig. "An tusa a’ coimead na mba amach anocht," ar seisean. "Is mé go maith,"
ar seisean. "Cadé an réasún atá leis sin agat?," ar seisean. "Tá, bhí'os agam go dtagfá-sa, is tusa tá bhuaim teacht leó leis. Chomáin isteach anois iad" ar seisean , "is tacfaidh siad". Seadh, chomáin, is tháinig na ba isteach. "Cad a b’áil leat(leanann ar an chéad leathanach eile)