Imleabhar: CBÉ 0148

Dáta
9 Nollaig 1935
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 107

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 107

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "n’fheadar ’on t-saoghal", arsa a' ministir, "dá dtagfainn annso agus labhairt ’n-a measg a
    n-úntóch muarán aca liom?" "Ní misde dhuit reádh," arsa an Segersunach, "má thagann tú go mbeidh bailiúghadh agat." Do chraimsig sé ar a’ lá ’thagfadh sé agus ’sé an lá tháinig sé Dia Domhnaig agus sé an áit a raibh a’ séipéal agesna Caitlicí san am san, áit go dtugaid siad Páirc an Ghleanntáin errthi, agus nuair eirig na daoine amach ó’n séipéal do bhí an ministir agus a’ Segersunach agus triúr nó ceathrar eile amuich agus dubhradar leó teacht síos go dtí an Store go rabhdar chun labhairt leó. Do thoilíodar ar fad leis ar dul síos agus do bhailíodar leó soir a’ bóthar agus síos an Bhuaile Dubh agus do bhí fear i gCináird ná raibh ró-maith ar fad ná breis mheabhrach aige, agus do bhí sé a ndiaidh na mba agus cleith mhuar mhaide aige agus bhest mhuileartí air. Nuair a chonnaic sé na daoine go léir ag imtheacht síos a’ Bhuaile Dhubh. "Dhar fial," ar seisean, "tá raic nó tá rud éigin tagaidhthe thíos isteach age’n slore agus is cóir dhom dul síos fiach-
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir