Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)"n’fheadar ’on t-saoghal", arsa a' ministir, "dá dtagfainn annso agus labhairt ’n-a measg a
n-úntóch muarán aca liom?" "Ní misde dhuit reádh," arsa an Segersunach, "má thagann tú go mbeidh bailiúghadh agat." Do chraimsig sé ar a’ lá ’thagfadh sé agus ’sé an lá tháinig sé Dia Domhnaig agus sé an áit a raibh a’ séipéal agesna Caitlicí san am san, áit go dtugaid siad Páirc an Ghleanntáin errthi, agus nuair eirig na daoine amach ó’n séipéal do bhí an ministir agus a’ Segersunach agus triúr nó ceathrar eile amuich agus dubhradar leó teacht síos go dtí an Store go rabhdar chun labhairt leó. Do thoilíodar ar fad leis ar dul síos agus do bhailíodar leó soir a’ bóthar agus síos an Bhuaile Dubh agus do bhí fear i gCináird ná raibh ró-maith ar fad ná breis mheabhrach aige, agus do bhí sé a ndiaidh na mba agus cleith mhuar mhaide aige agus bhest mhuileartí air. Nuair a chonnaic sé na daoine go léir ag imtheacht síos a’ Bhuaile Dhubh. "Dhar fial," ar seisean, "tá raic nó tá rud éigin tagaidhthe thíos isteach age’n slore agus is cóir dhom dul síos fiach-(continues on next page)