School: An Corrán/Currane (roll number 16295)
- Location:
- An Corrán, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál P. Ó Gallachobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Corrán/Currane
- XML Page 33_045
- XML “Scéalta Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bó ar a bhaile seo agus bhí sí go h-an mhaith ag ithe éadaig. Chaitheadh gach bean ar a bhaile a cuid éadaigh nighthe a fhaire fhad is bhéadh siad ag triomadh ar a chláidhe ná dá bfeicfeadh an bhó na h-éadaigh míle ó bhaile racadh sí le n'ithe. B'féarr a bhlas a gheobhfadh sí ar na h-éadaigh ná ar thoghadh an fhéir. Bhí ag dul leithe ariamh gur ithe sí bríste úr "córda" a thainic as Sasanaigh. Ní raibh fhios ag fear a bhríste ce'n áit ar imthigh sí. Thoisigh an bhó ag éirigh go h-an slachtmhar is níor fhan dúil ar bith 's na h-eadaigh aicí. Shroich leithe mar sin ar feadh seacht ná ocht de míosannta. Bhí an fear go h-an spóirteamhail go raibh raibh sí le linn gabhain óg a bhé aicí. Ach ceárd a rug sí ach briste an "chórda" agus bhí bainne aicí dá réar chomh maith chomh maith is bheadh gabhain aicí agus sé an t-ainm a tugtaí uirthi "Bó an briste" as sin amac.
- Collector
- Pádraig Ó Gallachobhair
- Gender
- Male
- Address
- Cnoc na Móna, Co. Mayo