School: Dubhlinn (B.), Inis (roll number 4870)

Location:
Doolin, Co. Clare
Teacher:
Tadhg Ó Seasnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0617, Page 016

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0617, Page 016

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhlinn (B.), Inis
  2. XML Page 016
  3. XML “Ciste Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 16
    Ciste Óir i bhFolach
    Bhí Bochlum in a cómhnuidhe i gcathair Mac Flanchaidhe is ó Bhochlum fein a fuair an áit san a h-ainm mar Bhochlum Mac Flanchaidhe ab ainm dó.
    Bhí bean aimsir aige agus nuair a bhí Bochlum ag fághail bháis do chuir sí fé geasa é teacht ar ais arís tar éis tamall, annsan bhí eagla uirthe dá dtagadh sé tar éis a bháis go mairbheócadh sé í nuair a thiocfad sé.
    Do chuaidh sí go dtí an sagart agus d'innis sí a sgéal dó, gur chuir sí fé geasa é teacht ar ais arís agus go raibh faitchíos uirthí roimhe.
    Do thug sé buidéil uisge coisreachan dí agus dubairt sé léi fáinne a dhéanamh timcheall uirthí leis agus nach bhféadfeadh Bochulm aon anachain a dhéanamh uirthi.
    Nuair a connaic sí ag teacht é do dhein sí an fáinnne agus níorbh bhféidir leis teacht leath-istigh de.
    Bhí sé ana claoidhte agus do chuir sé scannradh uirthi nuair a chonnaic sí é.
    Nuair a tháinig Bochlum ar dtúis dubhairt an bean leis "A Bhochluim, A Bhochluim, a Bhocluim" agus níor thug sé aon fhreagra uirthe nó gur ghlaoidh sí an tríomhadh babhta air.
    A Bhochluim a Bhochluim cá raibh tú nuair a glaodh mé an céad ort" agus ar sé, bhí me in Ifrinn" agus ar sí " A Bhochluim a Bhochluim cá raibh tú an tarna uair a glaodh me ort" agus ar sé bhí...
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás O Grríobhtha
    Gender
    Male
    Address
    Ballyvara, Co. Clare
    Informant
    Diarmuid O Gríobhtha
    Gender
    Male
    Age
    56
    Address
    Doolin, Co. Clare