School: Gurrane (B.) (roll number 14839)
- Location:
- Clondrohid, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gurrane (B.)
- XML Page 212
- XML “Diarmuid na nÉistigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Go bhfuil a chuid fola 'na srúil leis a's é sínte ar lár
VII
'S is dóigh le Nóra dá mbeadh sí id chómhgar
Nuair a théidheann tú a' cómhrac sa cogadh crua
Na piléir gur dóigh léir go ngeóbhadh na dóirnibh
Nú i mbeinn a cóta dá coimeád uait
Críochnuigh scór leó agus bliain na dheoidh sin
Do pinsion geóbhair agus tar id dhúthaigh féin
Agus cuir do dhóchas ar Rígh na Glóire
Agus tabharfaidh beó tú thar n-ais gan baoghal.
Críoch
-------------
Tá cúig bliana deag nú sé bliana deag ó thógas síos an t-amhrán so ó Mhaighread bean Uí hIobard, i gCluaindroichead. Tá sí curtha le seacht nú ocht de bhliantaibh. Bheadh sí os cionn 90 blian anois dá maireadh sí.
Seán Ó Loingsigh O.S. Cluaindroichead.
--------------
I mBaile Mhúirne deirtear gur b'é "Amhlaoibh a' Chuiripe" (Amhlaoibh Ua Loingsigh) a chum an t-amhrán so. Do mhair sé i mBaile Mhúirne le h-ais Carraig an Adhmaid agus bhí an leas-ainm air toisc a chalmacht. Sé a dhearbhráthair a chuaidh san arm adeirtear. D'airígheas annso i gCluaindroichead leis gur b'é Amhlaoibh an úghdar.
S. Ó Loingsigh O.S. Cluaindroichead.- Collector
- S. Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Address
- Clondrohid, Co. Cork
- Informant
- Maighread Bean Uí hIobard
- Gender
- Female
- Address
- Clondrohid, Co. Cork