School: Gurrane (B.) (roll number 14839)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 150

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 150

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (B.)
  2. XML Page 150
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí sé 'na dhuine uasal ceart san am go raibh sé críochnuighthe leis.
    Nuair tháinig lá na fleidhe chuaidh mac Seáinín ann chómh maith le cách. Nigh gach aoinne a lámha sar ar thosnuig sé ag ithe ach nuair a bhí a lámha nighte agus tiormuighthe ag mac Seáinín caith sé an tugháile ar an dteine. Dubhairt gach aoinne a bhí láithreach gur fear ana shaidhbhir an t-ógánach san agus gur mhaith an rud cleamhnas a dhéanamh idir é féin agus an cailín óg. Ach nuair chonnaic fear an tíghe cad a bhí deanta aige chuir sé roimis gach rólas d'fhághail amach idtaobh an ógánaigh agus a shlíghe beatha agus an slíghe beatha a bhí ag athair an ógánaigh sé sin Seáinín.
    Cuir sé teachtaire dílis go h-Éirinn agus chaith an teachtaire sin oidhche i dtigh Sheáinín Fada. Thug Seáinín béile maith prátaí dho sarar chuaidh sé a' chodhladh, agus thug an teachtaire fé ndeara gur le bealóg congnaimh a thiormuig Seáinín a lámha agus annsan gur chaith sé an congnaimh ar an dteine. Ach nuair a shrois sé abhaile airís dubhairt sé go raibh caisleán mor ag an bhfear san agus 500 de mharc shluadh á chosaint. Do chreid an máighistir é agus do pósadh an bheirt ach ní pósfai iad dá bhfeiceadh na h-uaisle an tigín cínn tuighe in inead an chaisleáin agus 500 gabhar in inead an mharc shluagh. Mar sin féin fear saidhbhir do b'eadh mac Sheáinín an chuid eile dá shaoghal.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Language
    Irish
    Collector
    Donnchadh Ó Ceallacháin
    Gender
    Male
    Address
    Mullenroe, Co. Cork