School: Gurrane (B.) (roll number 14839)
- Location:
- Clondrohid, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gurrane (B.)
- XML Page 107
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Níor tháinig droch-nidh riamh ar mhuir nu ar thalamh ná go ndéanfadh sé tairbhe do dhuine éigin."
"Is olc an ghaoth ná séideann do dhuine éigin."
"Ní h-é am na cneadaighe am na h-aithríghe"
"Ní h-é lá na gaoithe lá na sgolb."
"D'imthigh an fhilídheacht nuair tháinig an ínntleacht"
"Is maith an t-iomanáidhe an té bhíonn ar an gclaidhe"
"Is fear rith maith na droch-sheasam.
"Ní deineann beal dúnta aighneas."
"Is bínn beal na thost."
"Is trom an t-ualach aineólas."
"Ní h-ualach do an fhoghluim"
"A sgeal féin, sgeal gach aoinne"
Sgeal an chait a phiscín.
"Bhíonn an fírinne searbh, ach bíonn sé folláin"
"Ní bhíonn an rath, ach mar a mbíonn an smacht"
"Ní h-ionann dul go baile mor agus teacht as."
"Dá fhaid é an lá tagann an oidhche."
"Mol an óige agus tiocfhaidh sí."
"An glór na tuigeann an ceann is cuma é ann nú as."
"Ní thagann ciall roimh aois."
"Níl sprid na púca gan fios a cúis fein aige."
"Briseann an duthchas trí shúilibh an chait."
"Is treise duthchas ná oileamhaint."
"Tír gan teanga, tír gan anam
"Is fearr bean na spré."(continues on next page)