School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 140
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhíodh na fir ana deas-lámhach fadó. Deinidís cliabháin scíothóga buataí puraí agus ughmacha as slata sailí agus tuighí a bhíodh ag fás aca féin. Deinidís buadhraí agus téadteacha do clúimh chapaill. Seo mar a dheinidís an téad clúimh.
Do chrochaidís an clúimh go maith ar dtúis agus deinidís cuingileach de. Annsan gheibheadh duine aca cipín agus bhíodh sé 'a chasadh do réir mar a leigtí chuige é, go dtí go mbíodh sé go léir casta fílte ar an gcipín aige. An chasadh tuathail a chuirtí ar dtúis air.
Deintí trí coda de annsan agus cuirtí an chasadh deiseach air. Nuair a bhíodh san déanta aca deintí trí coda arís de. A dhá thrian suas i gceirtlín agus bhíodh siad á fighe leis a trian eile go dtí go mbíodh an téad déanta aca. Téad maith chun ualach múir a ceangal ar thruachail mar nuair a bheadh do lámh sleamhain ó ramaí an múir. Bhíodh an téad garbh agus bh'fruiste é cheangal. Is ar nós na téada a dheintí an buarach ach cuirtí buairchín ar thaobh de agus lúb ar an dtaobh eile. Is de failim a deintí an buairchín agus tugtaí go dtí an t-seipéil é Domhnach na Failme chun é do bheannughadh.- Collector
- Máire Ní Cruadhlaoich
- Gender
- Female
- Address
- Leahill, Co. Cork
- Informant
- Caitlín Bean Uí Chruadhlaoich
- Gender
- Female
- Age
- 41
- Address
- Leahill, Co. Cork