School: Doire an Chairn (roll number 12976)

Location:
Derreenacarrin, Co. Cork
Teacher:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 039

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 039

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire an Chairn
  2. XML Page 039
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus sé an ainim a bhí air ná Diarmuid na mBholgaidhe. Thug sé an chuid is mó dá shaoghal i bpriosúin.
    Aon lá amháin dá raibh sé ag teacht amach as an bpriosúin ghaibh sé treasna Béal na Gaibhle agus síos tré casán atá i dTúirín na Gréine.
    Do bhuail bean uime agus buicéadh bainne in a láimh aici. Nuair a chonaic sí é do rith sí 'na choinnibh agus dubhairt sí, mo thruagh thú a fhir bhocht cathain a thánais amach. Thánasa amach nuair a chuadhas isteach ar seisean. Bhí ana droch bhlas aige uirthi i dtaobh fhios a bheith aici é bheith sa phríosúin. D'imthig sé leis agus fuair sé lóistín i dtig cómharsann agus dhéin sé amhrán idtaobh na mná a bhuail uime sa chasán
    I dTúirín na Gréine 'seadh chasadh me
    I gcúm chnoic ná feadhar in Éirinn
    Bhí an bláthach aici do chránta is dá bhana
    Is an scála ag an chailig dá thaosga
    San taillí hí bó hi há sí calleach mhór crón na gaibhle í
    San gaibhil atá dígh bhean dár mheasa
    Claidhre de choileach gan daona
    Is go déimh díbh dá raghadh sí in na Flathais
    Go néirigóchash na h-aingeal ó chéile. San taillí......
    Eirighóchad go diamhach ar maidin
    Agus béafad mo phaca breágh gadhar liom
    Cuardóchfad íoctar is úachtar an bhaile Is béarfad ar choileach na gaibhle San taillí...
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Úrdail
    Gender
    Female
    Informant
    Siobhán Ní Úrdail
    Gender
    Female
    Age
    45
    Address
    Tooreennagrena, Co. Cork