Scoil: Oileán Ciarraí (uimhir rolla 10956)

Suíomh:
Castleisland, Co. Kerry
Múinteoir:
Tadhg Ó Céin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0446, Leathanach 421

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0446, Leathanach 421

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Oileán Ciarraí
  2. XML Leathanach 421
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Seo píosa eile a sgríobh an file céadna san allód. Theigheadh sé go dtí an t-aifreann in Oileán Chiarraide agus bhíodh ar na daoine ag an tam san pingín...

    Seo píosa eile a sgríobh an file céudna san allód. Theigheadh sé go dtí an t-aifreann in Oileán Chiarraidhe agus bhíodh ar daoine ag an t-am san phingín nú leath thuistín a thabhairt ag an doras sar a leigfí isteach dóibh, chun aifreann d’éisteacht. Mar sin, bhíodh na daoine saidhbre istigh mar bhíodh an t-airgead aca, agus bhíodh na sclábhuidhthe-na daoine bochta-amuigh ar an mbóthar ag éisteacht an aífrinn; nuair ná raibh ar a gcumas díol as dul isteach. Lá amháin nuair a bhí an file ag dul 'on aifreann, chonnac sé an sluagh mór de dhaoinibh bochta amuigh ar an mbóthar ar a nglúinibh. Nuair a tháinig sé go dtí an geata stad sé agus a bhí a’ theacht fé’n a dhéin acht an sagairt paróiste-an tAthair Muiris Mac Gearailt-mar bhí an t-aifreann ‘ghá léigheann ag an sagart eile. Nuair tháinig an sagairt chuige do stop sé é agus dubhairt sé leis.
    1.
    A Athair Muiris, do thuigis agus do léigheas a lán
    Agus do chuaidh thar tonnaibh fé thuisgint a chéile gnáth
    A bhfuair riamh duine gan sgilling , gan raol ‘na láimh,
    Cead suidhe, ná luighe i gcúig chluthair Dé na bGrást.
    11.
    Má’s airgead do ghnídheas beannuighthe na daoine ar fad,
    Dadaidh (Dadamh?) é ní leagaim-sé ná puinn im’ theach,
    Tá “Lazarus” chomh-tochtreamhrach ag an Rí atá ar Neamh,
    Le “Alexander the Great” do shealbhadh an Ríoghacht ar fad.
    111.
    Is díombách liom bochtán ar suidhe bóthair,
    Agus fuachtáin ar a gcruaidh sáil i ndíth bróga
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge