Scoil: Oileán Ciarraí (uimhir rolla 10956)

Suíomh:
Oileán Ciarraí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tadhg Ó Céin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0446, Leathanach 422

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0446, Leathanach 422

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Oileán Ciarraí
  2. XML Leathanach 422
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Seo píosa eile a sgríobh an file céadna san allód. Theigheadh sé go dtí an t-aifreann in Oileán Chiarraide agus bhíodh ar na daoine ag an tam san pingín...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    A’ gearáin a gcruadh-cás leis an Rí glórmhar
    Agus lucht sparáin ós cionn cách in a suidhe ar stólaibh.
    ----0----
    San am úd ní raibh sgoileanna náisiúnta sa tír, agus bhíodh árd sgoileanna annsan agus ansúd ar fúid na h-áite. Díoladh an múinteóir as an obair annsan ag na daoine a théigheadh ann do réir coróineach ar dhuine nó mar sin. Bhí sgoil de’n tsórd san ag Máighistir “Dubhda” in-“Árd-móna”-áit timcheall dhá mhíle slighe ó Oileán Chiarraidhe ar dtaobh shoir de. Bhí sé ag déanamh go maith ann go dtí go dtáinig múinteóir ard sgoile eile agus do chuir seisean fé “i gCoill Cois na hAbhainn.” Tá an áit seo míle go leith slighe nó mar sin ó Oileán Chiarraidhe ar an dtaobh shoir de leis. Nuair do chualaidh an máighistir eile an sgéul, bhí sé ar buile leis an fear a chur fé chomh achomair dó féinig mar do loiteadh san a sgoil féin. Mar sin chuaidh sé go dtí an file Uileóg ó Céirín chun blúire filíochta a chumadh fé a cuireadh an ruaig air. Dob’ é an ainm a tugtar ar an máighistir a chuir fé i gCill Cois na h-Ahainnn ná “Tantamount Nolan” agus do chúm Uileóg ó'Céirín an dán mar seo.
    1.
    A “Tantamount Nolan” sguir feasta ded’ glórtha
    Ní beag duit ar ólais de “Soup” bhuidhe,
    Mar is searbh dod’ eólas a thug an ministir coróin duit,
    Agus Bíbla éolais a gchamhinugheadh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    San am úd ní raibh sgoileanna náisiúnta sa tír, agus bhíodh árd sgoileanna annseo agus ansúd ar fúid na háite.

    San am úd ní raibh sgoileanna náisiúnta sa tír, agus bhíodh árd sgoileanna annsan agus ansúd ar fúid na h-áite. Díoladh an múinteóir as an obair annsan ag na daoine a théigheadh ann do réir coróineach ar dhuine nó mar sin. Bhí sgoil de’n tsórd san ag Máighistir “Dubhda” in-“Árd-Móna”-áit timcheall dhá mhíle slighe ó Oileán Chiarraidhe ar dtaobh shoir de. Bhí sé ag déanamh go maith ann go dtí go dtáinig múinteóir ard sgoile eile agus do chuir seisean fé “i gCoill Cois na hAbhainn.” Tá an áit seo míle go leith slighe nó mar sin ó Oileán Chiarraidhe ar an dtaobh shoir de leis. Nuair do chualaidh an máighistir eile an sgéul, bhí sé ar buile leis an fear a chur fé chomh achomair dó féinig mar do loiteadh san a sgoil féin. Mar sin chuaidh sé go dtí an file Uileóg ó Céirín chun blúire filíochta a chumadh fé a cuireadh an ruaig air. Dob’ é an ainm a tugtar ar an máighistir a chuir fé i gCill Cois na h-Ahainnn ná “Tantamount Nolan” agus do chúm Uileóg ó'Céirín an dán mar seo.
    1.
    A “Tantamount Nolan” sguir feasta ded’ glórtha
    Ní beag duit ar ólais de “Soup” bhuidhe,
    Mar is searbh dod’ eólas a thug an ministir coróin duit,
    Agus Bíbla éolais a gchamhinugheadh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. scoileanna (~4,094)
    Teanga
    Béarla