School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus d'iarr sí maitheamhnas air. "Á" adeir an naomh "is deas a rinne tú le Dia acht tá fearg ar Dhia leat". "Nach olc a chruthuigh tú leis an mbuin a chuir mise do na bochtaibh agus annsin dubhairt tú nách ndeárna Dia aon dá chnoc ariamh gan log a chur eatorra. Nach bhfuil dá chnoc déanta anois aige agus gan log eatorra". B'shin iad an dá chruit, ceann ar dhruim agus ceann ar bhrollach an pháiste. "Bhail" adeir an naomh "Ó tháinic tú chugam, tá truaigh agam duit agus ní chuirfidh mé chun bhealaigh aríst thú - bainfidh mé cruit amháin de'n ghasúr". Agus bhain. "B'feidir" adeir sé "go mbéidh an gasúr sin go maith do Dhia fós agus nuair a bhéas fearg Dé laighidighthe b'féidir go mbeadh sé go maith aríst."
Annsin thug an bhean an gasúr beag abhaile agus bhí cómhnaidhe ortha láimh leis an gCrois. Agus nuair a bhí an mac ag eirighe bhí cruit uathbhásach ar a dhruim. Bhí an suim aige i ndéanamh bád agus chuile lá bhíodh sé thíos ag an loch á ndéanamh. Bhí na báid a bhí sé á dhéanamh ag dul i méid chuile lá go dtí sa deireadh rinne sé bád iomramha agus thug sé féin is a bheirt dhriothar a naghaidh ar an nGaillimh. Chuir siad futha i gCathair na Gaillimhe agus b'shin iad na céad manaigh a bhí sa tír.
I ngeall ar an éalaing cuirp a bhí ar an mbuachaill dubhradh nach narbhóchaidhe [!] ariamh é(continues on next page)- Collector
- Seán Mac an Ríogh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Tamhnaigh an Lín, Co. Galway
- Informant
- Tomás Seoighe
- Other names
- Tomás Seoighe
- Tomás Sheáin Mhóir Seoighe
- Gender
- Male
- Age
- 57