School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Driothár Bocht agus An Driothár Saidhbhir.
Bhí beirt dhriothár ann fadó. Bhí ceann aca saidhbhir agus an duine eile bocht. Bhí airgead ba, caoraí agus gabhair ag an driothár saidhbhir agus ní raibh ag an driothar bocht acht sean ghabhar agus sean-chailleach bhó. Aon mhaidin amháin chuaidh an driothár boch [!] amach sa sciobál agus fuair sé an bhó caillte. Chuaidh sé annsin agus d'fean sé í agus thug sé leis chun an aonaigh é mar bhí aonach ann an lá sin.
Leag sé ar an gclaidhe é agus d'fan sé ar chúlaibh an chlaidhe ar fhaitchíos go ngoidfeadh einne é. Thainig éan beag agus luigh sé ar an gclaidhe agus thosuigh sé ag ithe an chroicinn agus ní raibh sé in ann corruighe leis an méid a bhí ithte aige. Rug an fear air agus chuir sé in a phóca é agus chuaidh sé chómh fada le teach ósta is d'iarr sé fíon ón mnaoi. Thug sí dó é agus nuair a bhí sé ólta aige bhain sé béic as an éan. D'fiafruigh sí dhó cé'n sórt éin a bhí aige agus dubhairt sé gurbh' éan é a raibh fios aige. D'fiafruigh sí dhó céard dubhairt an téan agus dubhair [!] sé gur dubhairt an téan gurbh shin é an fíon ba mheasa a bhí sa teach aicí.
Annsin thug sí fíon éile do agus dubhairt sé gur dhubhairt an téan gur fearr an fíon sin beagán ná an fíon a fuair sé roimhe sin. Thug sí fíon eile annsin dhó agus dubhairt sé gur dhubhairt an téan gurbh shin é an fíon ab b'feárr a bhí sa teach aicí. D'iarr sí an téan air agus thug sé dí é ar thrí chéad punt.
Chuaidh sé abhaile annsin go bródamhail.(continues on next page)- Collector
- Sorcha Seoighe
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Seanadh Farracháin, Co. Galway