School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 179

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 179

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 179
  3. XML “An Chaora Ghlas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    léi nach raibh acht dubhairt an inghean ab' óige léi go dtáinig cailín áluinn isteach nár athnuigh duine ar bith.
    Nuair a bhí siad ag imtheacht arís lá'r na bhárach dubhairt an leas-mháthair le Máirín gach rud a dhéanamh mar a rinne sí an lá roimhe sin. Nuair a bhí said imthighthe thuit gach rud amach mar a thuit an oidhche roimhe sin. D'imthigh sí agus tháínig sí ar ais.
    Nuair a bhí siad ag imtheacht an oidhche lá'r na bhárach dubhairt siad le Máirín gach rud a dhéanamh mar a rinne sí an dá oidhche eile. D'imthigh sí agus nuair a bhí gach rud thart d'imthigh sí agus shiubhal sí amach acht d'á luaithe dá ndeacha sí amach bhí mac an ríogh chomh luath léi. Nuair a shíl sí dul ar an each sciob sé an bhróg dí.
    Dubhairt sé annsin nach bpósfadh sé aon duine acht an duine a bhfeilfeadh an bhróg sin dí. Chuir sé gairm sgoile amach annsin a rádh le gach cailín cruinniú go bhfeicfeadh sé cé dhó a fheilfeadh an bhróg.
    Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. Chruinnigh gach cailín óg agus aosta, beag agus mór, ramhar agus tanaidh cht ní fheilfeadh an bhróg aon cheann aca. Dubhairt sé annsin go ngabhfadh sé féin chuig gach teach go bhfeicfeadh sé cé dhó a fheilfeadh an bhróg. Bhí sé ag siubhal ó theach go teach go dtáinig sé chomh fada leis an teach in a raibh Máirín. Nuair a d'airigh siad ag teacht é chuireadar Máirín isteach i seomra.
    Bhí na leas deirbhshiúireacha ag iarraidh an bhróg a chuir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Collector
    Liam Ó Briain
    Gender
    Male
    Address
    An Chorr Riabhach, Co. Galway