School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go mbeadh fhios aici b'féidir cá raibh sé in a chómhnaidhe
Lá ar na bhárach d'imthigh Seán leis go dtáinig sé go dtí an teach seo. "Céad failte romhat" ars an drishiúir "agus capall mo drithiúra ad" ar sise. Thosuigh sí ag tóraidheacht leabhar acht chinn uirthí é d'fhághail amach cá raibh Féasóg Ruadh in a chómhnaidhe. Fuair sí Iorch agus do ghlaodh sí ar na hainmhidhthe go léir acht ní raibh fhios aca cá raibh Féasóg in a chómhnaidhe. Annsin ghlaodh sí ar na héanacha agus tháinig siad go léir acht an t Iolra agus faoi cheann tamaill tháinig seisean "Cá raibh tú" ar sise leis "le fada"? "Bhí mé ag goid caorach ó Fhéasóg agus dhá thóirt de na éannachaibh "Tá fear annseo" ar sise "agus caithfidh tú é thabhairt go teach Fhéasóig Guirm" "Tá go maith" ar seisean "acht tá an bhealach fada agus caithfith tú píosa feola a fhághail dhom."
Fuair siad píosa feola agus chuaidh Seán ar a dhruim agus ghread siad leobh. 'S gearr go raibh siad sa tsráid ag Feasóig. "Cá as a dtáinig tú" arsa Feasóg Gorm "no cé'n chaoi fuair tú amach cá raibh mise mo chómhnaidhe". "Ara muise ar seisean "ba rud an réidh tusa a fhághail amach" adeir sé "Anois" arsa Féasóg "Gaibh abhaile agus seo cean de mo chuid inghneacha le pósadh duit agus tá do mhála óir agus do chaisleán sa mbaile rumhat. Chuaidh Seán abhaile agus a bhean agus bhí sé saidhbir sáthach uaidh sin amach.- Collector
- Seán Ó Cúinin
- Gender
- Male
- Age
- 12