School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 160

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 160

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 160
  3. XML “An Drochmháthair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Droch Mháthair
    Bhí bean ann fadó agus bhí triúr mac aici, agus bhí a fear caillte. Bhí ceann d'á clainn in a leath-amadán mar ní raibh mórán gus ann. Nuair a théighidís ag ithe leagfadh an t-amadán a sgian uaidh agus thosuigheadh air ag gáiridhe. D'iarr a mháthair dó lá tuige a raibh sé ag gáiridhe agus dubhairt sé go bhfeicfeadh sé aingeal 'na láimhe deise agus aingeal na láimhe clé ag coraidheacht agus raibh aingeal na láimhe deise ag leagan an chinn eile. Sin a deireadh sé i gcómhnuidhe.
    Bhí an bhean seo an mhór le fear eile agus ba chuma leí acht an chlann a fhághail as a hamharc. Dubhairt sí leo lá go raibh stráinséara le teacht chuig an teach agus nár mhaith leí éinne a bheith istigh acht í féin. Dubhairt sí leó dul siar chuig an gcruaic coirce agus suidhe ann.
    Bhí an dá mhac chríonna ag dul isteach sa gcruaic coirce acht dubhairt an leab [?] leo gan dul go ndóighfide ann iad agus ní dheacadar ann annsin acht shuidhe an triúr aca cois claidhe san áit nach bhfeicfeadh an mháthair iad.
    Níor bhfada go bhfaca siad ag teacht amach í agus tarra agus teine aici agus thug sí teine do'n chruaich (móna) choirce agus shíl sí go raib an triúr mac dóigthe aici. Tá sean fhocal ann ó shoin i leith "Siad na mná a dhóigh an fháithche."
    Rinne an triúr mac suas 'na naigní go mb'fearr dóibh dul ag lorg a bhfortúin in áit eigín. Sgaradar ó chéile ag cros-bhóthar agus dubhradar le chéile go gcasfaoi annsin iad triúr arís fá cheann deich mbliana agus d' imthigh gach ceann aca a bhealach féin.
    Shroich an t amadán teach feilméara luath go maith tráthnóna agus maidin lae ar 'na bhárach bhí obair cruaidh le déanamh aige. Dubhairt sé leis an amadán an tráthnóna seo eirighe go moch ar maidin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1000: Bargain Not to Become Angry
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Seoige
    Gender
    Female
    Address
    Tamhnaigh an Lín, Co. Galway