School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 108

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 108

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 108
  3. XML “Fear na mBréag agus Fear na Fírinne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí beirt driothar ann fadó, agus is fadó bhí. D'imireadar gach rud, fear na fírinne a rádh go mba fuide rachadh an fhíreann agus ceann eile a rádh go mb'fuide a rachadh an bhreag. D'imir fear na fírinne gach rud agus gnóthuigh fearín na mbreag iad. Cuirfidh mé mo shúile ars an firín na fírinne agus gnóthuigh fearín na mbréag iad.
    Annsin bhain fearin na mbréag an dá shúil as agus chaith sé isteach sa gcoill é. Timcheall meadhon oidhche tháinig sluagh mór cat isteach. D'aduigh siad teine agus shuidh siad síos ag seanachas. Shuidh an bhainrioghan síos agus dubhairt “Innis sgéal a shomh, innis sgéal a memh, innis sgéal a ríogh na gcat. Ní bhfuair sí aon fhreagra. Faoi cheann sgatham thosuigh an pisín glas. Tá inghin ríogh an domhain thoir tinn agus ní féidir í leigheas acht tá tobairín thíos annsin agus dá bhfuigheadh sí braon (de) bheadh sí slán agus tá firín na fírinne caoch agus dá ga gcuirtí braon de ar a shúilí bheadh amharc a shúl aige arais. Nuair a d'imhthigh na cait thosuigh an firín ag tóraidheacht an tobair agus fuair sé é. Chuimil sé braon dá shúilí agus bhí sé chómh maith is bhí sé riamh. Chuir sé a láimh in a phóca agus thóg sé amachs buidéilín. Líon sé leis an uisge é agus d'imthigh leis. Shroich sé teach an ríogh. Bhí duine ag teacht amach agus triúr ag dul isteach. D'fiafruigh firín na fírinne de'n ríogh cén chaoi raibh an inghin tinn. Go dona ars an riogh agus is maith leitheadach do leithead bheith ag cur tuairisce m' ingheanse “Ó tá leigheas agam dí arsa firín na fírinne”. Dorduigh sé an áit a fhágáil faoi féin agus, faoi an inghean. Má tá tú i ndon í leigheas bhéarfaidh mé trí málaí óir duit agus má dhéanann tú aon dochar dí béidh do chloigeann ar bhárr sleagh ós cionn mo dhoruis. “Tá go maith” arsa firín na fírinne. Thug sé braon di agus d'eirig sí agus bhí sí chó maith is a bhí sí oidhche ná lá ariamh. Fuair sé na trí málaí óir agus cóiste agus ceithre capall agus thánaig sé abhaile annsin. Bhí a dhearbhráthair, firín na mbréag roimhe san doras D'umhluigh sé dhó mar shíl sé go mba mac ríogh a bhí ann. “Ceal
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0613: The Two Travelers (Truth and Falsehood)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Breathnach
    Gender
    Female
    Address
    Cnoc na Fuaiche, Co. Galway