School: Árd Aoibhinn

Location:
Ardeevin, Co. Galway
Teacher:
Dll. De Grás
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 089

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 089

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Aoibhinn
  2. XML Page 089
  3. XML “Leighiseanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá sean-daoine ann agus creideann siad na sean-leighiseanna atá aca ó na sean daoine fadó. Deireann siad dá mbeadh tinneas-cnámh ar duine agus dá dteigheadh sé nó sí go dtí tobar beannuighthe atá idir Béal Átha Mhogha agus Caisleán Ribhach agus deoch a ól as, go mbeadh biseach air nó uirthí tar éis cúpla lá in a dhiaidh sin.
    Chuala mé sean-fhear á rádh go bhfuil sean tobar beannuighthe eile idir an Creagán agus Roscomán agus dubhairt sé dá mbeadh aon trioblóid ar dhuine agus dá dteigheadh sé go dtí an tobar sin agus cúpla paidreacha a rádh agus cuid den uisge a thabhairt abhaile leis, go mbeadh an trioblóid imthighthe tar-éis tamaill. Tá lá éigin san mbliadhain a dteigheann daoine na h-áite go dtí an tobar sin ag guidhe.
    Tá uisge beannuighthe eile ann agus dá mbeadh tinneass cinn ar dhuine agus dá nigeadh sé é féin leis bheadh biseach air i na dhiaidh sin. Nuair a gheibheann duine scairt in a láimh nó in a cois
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Dhubhghaill
    Gender
    Female
    Address
    Curraghmulmurry, Co. Galway
    Informant
    Nóra Ní Dhubhghaill
    Gender
    Female
    Address
    Curraghmulmurry, Co. Galway