School: Árd Aoibhinn

Location:
Ardeevin, Co. Galway
Teacher:
Dll. De Grás
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 062

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 062

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Aoibhinn
  2. XML Page 062
  3. XML “Cluichí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhíodh go leor cluiche ag na ndaoine san t-shean-aimsir mar ag imirt peile, agus bualadh báire. Do bhíodh na daoine go léir i dteach, agus do bhídhís ag imirt "lúrabóg" agus "tairrinte shalaighe".
    Seo í an chaoi do bhídhís ag imirt "tairrinte salaighe," do bhíodh a lán buachaillí agus cailíní in-a suidhe cois na teine, agus do bhíodh ceann aca i lár an urláir ag tarraingt coisc an duine eile ó áit go h-áit.
    Do bhídhís mar sin agus nuair do bhíodh an rud déanta aca do bhíodh fhios aca an ceann ba láidire ins an scata. Seo í an chaoi do bhídís ag imirt "lúrabóg" do bhídís ag suidhe cois na teine agus do bhíodh a gcosa sínte amach.
    Annsin do bhíodh ceann aca agus do bhíodh slat aige agus do bhíodh sé ag rádh: "lúrabóg, lárabóg, láirín buidhe, buidhe ó néill, néillín príobán, príobán súileach, súileach seicneach, dhá céad bliomán, bliomán lachaí, súistín, búistín, buile beag ar lár na slaithe. "Crap isteach a fhlaith" do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Chonduibh
    Gender
    Female
    Address
    Bushtown, Co. Galway
    Informant
    Máiréad Ní Chonduibh
    Gender
    Female
    Address
    Bushtown, Co. Galway