School: Árd Aoibhinn

Location:
Ardeevin, Co. Galway
Teacher:
Dll. De Grás
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 016

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 016

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Aoibhinn
  2. XML Page 016
  3. XML “Comharthaí na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bíonn fáinne thart thimcheall na gréine nuair a bhíonn fearthainn ag teacht. Nuair a bhíonn las gorm ins an teine bhéidh droch aimsear againn. Má bhéadh an ghaoth adtuaidh bhéadh sneachta againn. Nuaira bhíonn an cat in aice na teine ar feadh an lae bíonn fearthainn ag teacht. Nuair a bhíonn an deatach ag tuitim ar an teallach bheidh fearthainn againn. Má bheidh ceó againn ins an oidhche agus ceó againn an maidin in-a-dhiadh sin bheidh fearthainn againn.
    Má an ghaoth aniar bíonn fearthainn ag teacht. Má bhíonn snáth ar an féar san tráthnóna bíonn sneachta againn an oidhche sin. Má théigheann an ghrian síos san tráthnóna agus dath dearg air bhéidh aimsear bhréagh againn. Má fheiceann aon duine na géanna fiadháine ag dul go dtí an taobh theas bíonn sneachta san taobh thuaidh. má bhíonn an mada ag ithe féir bíonn droch aimsear ag teacht. Má sgríobann an cat an tábla béidh stoirm againn. Má bhíonn an spéar gan scamall san ló bíonn aimsear bhréagh ag teacht.
    Má bhíonn an gaoth andheas nó aniar-andheas beireann an ghaoth sin báisteacht léithe. Má bhíonn a lán sgamall san spéar san oidhche agus má bhíonn an gaoth adtuaidh bíonn sneachta ag teacht. Má fheiceann aon duine na beatha go luath san
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Máiréad Ní Bhrádaigh
    Gender
    Female
    Address
    Felimspark, Co. Galway
    Informant
    Tomás Ó Cheannaigh
    Gender
    Male
    Address
    Ardeevin, Co. Galway