School: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Location:
- Clifden, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Peadar
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
- XML Page 478
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nár fhéad an fear coisceim a bhaint as an gcapall bhí sé a' cuimnigheadh ar Chomhartha na Croiche a ghearradh amuigh idir dhá chluais an chapaill. Rachadh an capall ar aghaidh da ndéantaoi sin leis ceart go leor, ac bhí drugall ar an bhfear é a dhéanamh mar chuala sé nárbh fhurasta stop a cur leis an gcapall ar chor ar bhí da ndeanadh sé é. (Sean-aintín dom a d'innis an sgéal dom.)
San am a ndeantaoi as luachair, b'é an ola fá na gcoinne an rud a mba deacra a fhághail.
Níor stróbh ar bith glac luachair a bhaint agus a chóiriúghadh, bhí sé sin réidh go leór le déanamh.
Gheobhthaoi ola i gcóir na gcoinneall as na glasóga no badh chóra dom a rádh as aobha nglasóg. Leághtaoi na h-aobha sa bpota anuas ar an teinidh, agus nuair a bhéadh an ola ar fad tagtha asta doirtí isteach i soitheach taisce í. Díoltaoi an ola seo ar dhá pighinn an buidéal.
Níorbh é an chaoi a mbíodh na coinnle sáithte síós i gcoinnleóir nuair a bhídís ar lasadh, mar a déantar le coinnle fá láthair. Bhí píosa mhaide ghearr ina sheasamh ar an mbord agus scoilt bheag gearrtha isteach ann. Leagtaoi coinneall ina luighe treasna na scoilt sin nuair a beadh sí lasta. Bheadh an solas uaite a' dul suas ags an coinneall a' sinead siar is(continues on next page)- Collector
- Barbara Ní Congaile
- Gender
- Female
- Address
- Clifden, Co. Galway