School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 426

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 426

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 426
  3. XML “Uncail Uilliam agus an Cú Bán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Oncal Uilliam agus an Cú Bán.
    Bhí m'oncal mór, oncal m'athair, Uilliam an t-ainm a bhí air - agus bhí sé ag fiadhach lá in Iorrus Mór. Bhí cú bán aige. Ba ghearr gur dhúisigh sé an girrfhiadh ag Cnoc an Dúin agus as go brách leis an gcoin in a dhiaidh. L,ean m'oncal iad ar a capall agus shíl sé nach mbeadh sé aon achar go marbhóchadh an cú bán an girrfhiadh mar ní nach raibh an dara cú i gConnamara in ann a féachaint leithe ag fiadhach.
    Bhí go maith. Bhain an girrfhiadh as agus lean an cú í, d'imthigheadar soir 's d'imthigheadar siar, ó dheas agus ó thuaidh acht dá fheabhar dá raibh an cú, ní raibh sí in ann breith suas ar an ngirrfhiadh ná a theacht aon órdlach níos goire dhí ná bhí sí nuair a thosuigheadar. Bhíodar ag imtheacht mar sin ag árdughadh na n-árdánn 's ag ísliughadh na n-ísleán gur thosuigh an grian ag dul faoi sa bhfarrge thiar. Annsin ?hionntuigh an girrfhiadh shoir agus leath bhealaigh idir Béal Atha na Bóige agus Cloch na Rón, ar thaobh an bhóthair ann, casadh cnoc maol dóbhtha. Isteach leis an n-girrfhiah
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish