School: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Location:
- Clifden, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Peadar
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
- XML Page 477
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)faitchíos an domhain air, mar bhí a fhios aige go maith go raibh cáil sídheamhail ar an áit a raibh sé, o thús aimsire. Bhí an capall ag éirighe fiadháin ar fheiceál an bheanin do, agus bhí sé ag iarraidh dul boicléimnigh san aer le teann faitchíos, ach ní rachadh sé ar aghaidh da gcaitheadh an tiománuidhe an laisg air.
Annsin d'fhéac an bheanín le teacht aníos san áit a raibh an fear. Thosuigh sé a' gabhail dí leis an laisg ag iarraidh í ruaigeadh. Níorbh aon mhaith dhó é. Ar cuma ar bith chonnaich sé an rud dubh, ní raibh a fhios aige fós ar dhuine no beithidheach a bhí ann, a' teacht faoi'n a dhéint achar maith uaidh ar an mbóthar. B'e sin an uair ar sgannruigh sé in da ríríbh. Cheap sé go mba sídheóg eile a bhí ann, seo seachas ariamh. Nuair a tháinig an rud sáthach gar dhó le go bhfuighfheadh sé amharc maith air, d'aithin an fear gurbh é a mada fein a bhí chuige.
D'ionnsuig an mada an bheanín ar an bpoinnte boise, agus cé nár fhag sé tada ina chodladh ann d'éirigh leis ruaig a chur uirthe as a deireadh.
D'imtig an fear an chuid' eile dhen bhealach abhaile slán sabhailte gan rud ar bith a' baint dó. Fuair an mada bás an lá dar gcionn.
Sul da dtainig an mada chuige, nuair(continues on next page)- Collector
- Barbara Ní Congaile
- Gender
- Female
- Address
- Clifden, Co. Galway