School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 430

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 430

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 430
  3. XML “Rí na gCat”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Rí na gCat
    Bhí cailín beag i dteach uair amháin in a raibh cat mór. Oidhche amháin fuair an cat bainne agus d'fhág sí braon in a dhiaidh agus d'ól an cailín an bainne agus bhí ribe ann agus sheas sé 'na croidhe agus níorbh fhéidir le aon dochtúir leigheas a fhághail dí. Oidhche in a dhiaidh sin bhí beirt buachaill ag imirt cártaí agus d' imir siad a dá súil as a chéile. An duine a bhuaidh phioc sé na súile as an duine eile. Bhí an duine a chaill na súile ag imtheacht leis go ndeacha sé isteach i mballa agus bhí sgata mór cat ag innseacht sgéalta agus dubhairt Rí na gCat "Inis sgéal a Shaibh" " Inis sgéal a Meadhbh". Inis sgéal thú fhéin adeir Meadhbh. Do thosnuigh Rí na gCat ar a sgéal agus dubhairt Tá bláthanna deasa ag fás in áit aithride agus an duine a tairrneanas ceann aca eirigheann uisge aníos agus bíonn leigheas ann. Chuaidh an fear go dtí an áit agus tharraing sé bláth agus d'éirigh uisge aníos agus chuimil sé cuid de'n uisge dá súile agus ar an bpoinnte sin fuair sé amharc aríst agus chuaidh sé go dtí an cailín a raibh an ribe in a croidhe agus fuair sé buidéal uatha agus líon sé leis an t-uisge an buidéal agus chuaidh sé go dtí teach an cailín. Cuir sé iallach ortha braon de'n uisge a ól agus go mbeadh sí go maith ar an bpoinnte. D'ól sí go raibh lán an bhuidéil ólta aici agus leigheasach í. Annsin phós sí féin agus an fear a thug an t-uisge chuici agus lá amháin casadh do'n fear a phioc na súile as. "Ó" adeir sé "shíl mé gur phioc mé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0613: The Two Travelers (Truth and Falsehood)
    Language
    Irish