School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 443

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 443

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 443
  3. XML “Peigí agus na Triúr Fear”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Peigí agus na triúr fear
    Bhí bean ann fadó agus Peigí an t-ainm a bhi uirthi. Bhí sí in a comhnuidhe i gClochán. Bhi triúr fear mór léithe - fighbeóir, táiliúr agus talamhaidhe. Bhíodh siad ag teacht chuile dhomhnach agus bhíodh sí bodhar ag réidhteach tae dóibh. Dubhairt sí annsin go bpósadh sí an fear is fearr teach.
    Ghléas sí í féin lá amháin i gculaith tinncéara is chuaidh sí go dtí an táiliúr. D'iarr sí déirce is ní fhuair sí acht píosa abhí an táiliúr ag caitheamh uaidh. Chuaidh sí go dtí an fíghdeóir is d'iarr sí déirce. Ni fuair sí acht fuagaibh a bhí an táiliúr ag caitheamh uaidh. Chuaidh sí go dtí teach an talamhaidhe is d'iarr sí déirce is fuair sí béile maith feola is fataí is cabáiste is choinnigh máthair an talamhaidhe í seachtmhain ag gearradh sgiolán. Nuair a tháinich an satharn chuaidh sí abhaile i nós go mbeadh sí réitighthe roimh an domhnach. Tar éis an aifreann tháinic an táiliúr, an fíghdeóir agus an talamhaidhe. Ghléas Peigí béile dóibh. Chuir sí na píosaí ar phláta don táilliúr agus na faughaibh ar phláta don fíghdeóir agus an talamhaidhe. Annsin dubhairt sí leo teacht ag an mbord agus a mbéile a ithe. Nuair a chonnaic an fíghdeóir agus an táilliúr an rud a fuair siad le n-ithe rith siad amach agus d'fhág siad an teach ag Peigí agus an talamhaidhe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Language
    Irish
    Collector
    Sinéad Nic Liam
    Gender
    Female
    Address
    Clifden, Co. Galway