School: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Location:
- Clifden, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Peadar
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
- XML Page 440
- XML “Amadán Mháire Rua”
- XML “Leigheas an Dochtúra”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)é. Bhí fhios ag an mháthair go n-innseóchadh Mánus chuile shórt is bhathuigh sí an ceannuidhe is cuir sí potaide in a áit.
Is gearr go dtáinic tóir ar an gceannuidhe. D'innis Mánus gur mharbhuigh sé féin é is gur chuir sé é. Chuaidh na gárdaí go dtí an áit ar cuireadh é is chuaidh Mánus isteach sa poll is tarraing sé amach conablach an ghabhair. "Seo dhíbh anois" is feicim gur fás péire adharc ar an diabhail ó chuir mé annsin é. Ansin chuaidh na gardaí abhaile ar bhí fios aca gur amadán Mánus. Uaidh sin amach bhí Mánus is a mháthair saidhbhir. - Ag seo sgéal a fuaireas ó sean-mnaoi a chasadh orm cupla bliadhain ó shoin. As oileán Searc í. "Leigheas an Dochtúra" an t-ainm atá ar an sgéal. Bhí an dochtúir in a chómhnuidhe in aice leí trath agus beidh cuimhne ag an gcómharsanacht go h-éag ar an sean amadán, Padhraig, a bhí mar sheirbhíseach aige.
Maidin amháin thug Pádhraig dhá leitir d' á mháighistear, ceann acu ó mhnaoi a bhíodh i cómhnuidhe a' ceapadh go raibh sí i mbéal an bháis, ag iarraidh air peallairí a chur chuice le na slaghdán a leigheas. Ó charaid an dochtúra an ceann eile ag innsinnt dó go raibh faoi fleadh a thabhairt go muintir na cómharsanachta agus go mbeadh(continues on next page)