School: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Location:
- Clifden, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Peadar
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
- XML Page 427
- XML “Uncail Uilliam agus an Cú Bán”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)glan isteach ins an gcnoc agus cú 's marcach annsin ag féachaint uirthi. Nuair a thainniceadar ag an spota i lár an chnuic, ní raibh poll ná bealach isteach le fághail aca ann.
D'imthigheadar abhaile agus iad tuirseach, traochta, tnáite indhiaidh 'n lae. Fuair an cú bás cúpla lá in a dhiaidh sin agus d'imthigh Oncall Uilliam go Meiriceá. Ba girrfhiadh draoideachta a bhi ann agus ba ins an gcnoc sin a bhí an Bruighean ag na sídeoga. - Uair amháin bhí ar fhear leitir a scríobhadh dá mhac a bhí in Ameiriocá agus chuaidh sé go muinteoir chun an leitir do scríobhadh dó. Nuair a bhí an litir beagnach críochnuighthe ag an múinteoir d'fhiafruigh sé de'n fhear an raibh aon rud eile le h-innsint aige. Muise níl ars an fear, "ach abair leis mo leithsgéal a ghabháil mar gheall ar an droch-scríobhnóireacht."