School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
Tully, Co. Galway
Teacher:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Filter stories

Back
/ 0268 Forward
Resolution: Low | High
Lá Fhéile Stiofáin

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0152

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tagann lá Féile Stiofáin indiaidh lá Nodhlag. Sin é lá an Dreolín. Déanann na daoine bosga bheaga don dreóilín agus fágann siad puill bheaga ar an mbosga sa gcaoi go mbeidh aer isteach aige. Tugann na páiste beaga leó an bosga annsin agus imthigheann siad leó agus tosuigheannn siad ag cuartú ins na claidheacha agus i mbun-tsop an tighe agus má fhághann siad an dreóilín cuireann siad isteach ins an mbosga é agus cuireannn siad a mbéal isteach leis an mbosga agus tosuigheann siad ag casadh amhráin:-


Dreoilín, Dreoilín Rí na n-éan,
Lá Fhéil' Stiofán do gabhadh an t-éan
Is mór é a mhuinntir agus is beag é fhéin
Agus dhá mbeadh gunna agam chaithfinn é

Téigheann siad ó theach go teach annsin agus an port sin ar siubhal aca agus tugann muinntir an bhaile airgead dóibh.
Nuair a bhíonn sé na tráthnóna scaoileann siad amach an dreoilín agus téigheann siad ag an siopa agus ceannuigheann siad milseáin agus bíonn siad sásta tar éis an lae.

Ní bhíonn aon "láir bhán" acu san áit seo. Ní théigheann tart leis an dreóilín acht na buachaillí beaga agus corr-dhuine acu sin féin.
T. O'S

Collector
Seán Bolustrom
Gender
male
Age
15
Address
Ballynahown, Co. Galway
Language
Irish