School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0104
- XML “Páis Chríost”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Acht a bhfeiceadh Sé a Mháthair is a míle beannacht.Annsin chuaidh Sé do'n Gháirdín imeasg na n-aspol
Chuir Sé 'na suidhe iad ar bhinnsí glasa
- Bidhidh 'na (= 'nbhur) suidhe is bidhidh 'na seasamh
Is baoghalach díbh go ndearna sibh an chodladh fada.
Seo iad na sluaighte deamhan ag teacht
Agus ní le maith dhom.Annsin tháinic Iudás bradach
Agus bhain sé póg Dhó, nid nárbh' ait leis
-Ó a Iúdás nach í do phóg an phóg bhradach
Ní ór a fuairis le na sgaipeadh
Acht Ifreann síorraidhe go buan mar leabaidh.Thugadar leó Íosa go dtí teach na Daoirseachta
Agus chuireadar air gach breith dá dhaoirseacht
Thugadar seacht sgiúirseáil dó faoi mheadhon oidhche
Bhuaileadar dhá chéad buille ar a Chorp Naomhtha
Annsin chuireadar an choróinn spionta air
Agus an tsleagh na thaobh.
Tháinic an t-Árd-deabhal a bhí os cionn a buailte
Domblas dragúin agus nimh tríd suaidhte:
-An bhfuil tart ort a dhuine uasail?
-Níl aon duine dá mbeadh i Mo chruth nár díol truaighe É.
Tá mo chuid fola 'na srutha anuas liom
Agus tá mo chuid feóla na spólaí fuara(continues on next page)- Collector
- Colm Ó Cúláin
- Informant
- Nóra Ní Chúláin
- Gender
- Female
- Age
- 93
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway