Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
- Suíomh:
- Kinvarra, Co. Galway
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl áit ar bith ins an domhan nach bhfuil cuid mhaith d'éanacha ann agus tá alán aca san chonndae seo. Tá an dreóilín, an mheaig, an áinle, an spideóg, an londubh agus an crotach.Imtigheann an crotach go dtí na tíortha teo i ndeireadh an t-Samraidh gach bliain. Déanann an dreóilin a néad i dtom bheag nó i mbun - t-sop ins na tighthe. Bhíonn spotaí beaga donn ar na uibheachaibh a bhíonn aice. Stadann sí ins an néad ar feadh trí seachtmhain nó go dtagann na gearrcaigh óga amach.Déanann an mheaigh a néad i dtom árd agus bíonn dath bán ar na uibheachaibh agus bíonn spotaí gorma órtha. Déanann an spideóg a néad i bhféar fhada agus bíonn dath gorm ar na uibheacha agus stadann sí trí seachtmhain órtha go dtagann na gearrcaigh amach. Déánann an londubh a néad ins na cladachá agus ins na tomhaibh agus bíonn dath gorm air. Stadann sí trí seachtmhain ar na h-uibheacha go dtagann na gearrcaigh amach.Bíonn an crotach ag sgréadadh nuair a bhíonn an bháisteacht ag teacht. Eitileann an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Úna Ní Mhoráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Kinvarra, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Parthaláin Ó Mhóráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Kinvarra, Co. Galway