School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Location:
Claregalway, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Conchobhair

Filter stories

Back
/ 0261 Forward
Resolution: Low | High
Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0144

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí naomh mór i mBaile Cláir fadó agus bhí triúr fear oibre aige. Ní raibh aon tslighe beatha aige ach gort féir a bhí in-aice an chaisleáin aige. Nuair a bhí an Foghmhar ann dubhairt an Naomh le na fearaibh a dhul amach agus am féar a bhaint. Dubhairt siad nach dtiocfadh mar gur gearr go dtiochfhadh sé ag báisteach. Dubhairt sé leo dhul amach. Chuaidh siad amach ach ní túisge a bhí siad amuigh agus cuid d'en fhéar bainte aca ná thosuigh sé ag báisteach. Thóg an Naomh leabhar beag amach as a phóca agus thosuigh sé ag guidhe. Bhí sé ag báisteach thart timcheall ar an bpáirc mar bheadh sé as béal soithigh go raibh an féar bainte aca acjt níor thuit aon bhraon báistighe ar an bhféar go raibh sé sáibháilte aca.

(no title)

Dubhairt an Mhaighdean Mhuire nuair a bhí Íosa Críost san máinséar gur...

Dubhairt an Mhaighdean Mhuire nuair a bhí Íosa Críost san máinséar gur
Fear mín agus bean bhorb
A d'fhág Mac Dé 'n-A luighe sa gcolg.

Collector
Seaghán Ó Cuinn
Address
Cregboy, Co. Galway
Informant
(name not given)
Relation
parent
Gender
female
Address
Cregboy, Co. Galway
Language
Irish