School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 266
- XML “Amhrán”
- XML “Molly Bhán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán (continued)
“Cuirim-se ruaig agus slinn ar Árainn”
(continued from previous page)III
A Mhuire na h-Aoine ná seo an truaighe
Mise agus Mary bheith scartha ó chéile,
Chuir bean cupaí i ndúil do Mhary go mbéadh Doiminic aicí ar thús na mbád,
Chrom sí a ceann agus rinne sí foighid
Ach sé an scéala a tháinig go rabh an báthadh déanta.
IV
A Mhary bhán bhocht ar bhéal na céile
An cailín stuamdha ar dhual mná i n-Éirinn
Tá tú sa bhaile agus nach dubh clár d'éadain,
Agus nach bhfuil fhios ag an t-saoghal gur do theach a spréidheadh.
Báitheadh daoine thiar i n-Árainn a bhí ag cruinniughadh leathaigh agus d'éirigh an ghaoth. Sé sin an fáth a deárnadh an t-amhrán. Séamus Mac Geidigh, Machaire Rabhartaigh, Gort A' Choirce, Tír Chonnaill.
Nábla Ní Fhlaithbheartaigh, Machaire Rabhartaigh, Gort A' Choirce, Tír Chonnaill.- Molly Bhán
I. A Mholly bhán bhocht, na gruaige daithte,
Do chúl buidhe casta a bhí ar dhath an óir,
Do cheann le casadh agus do ghruaig le lasadh,
Agus a Mhary, mil ort, tabhair damh do phóg.
II. Dá bhfeiceadh sibh Máire, ag siubhal na sráide,
Agus a cuid gúnaí saise uirthí go talamh síos.
Stocaí dearga agus siubhail bróg airgid,
Agus í go polisheálta i gcúrsa an Ríogh.
III. Lucht na bpící ar shiubhal an aonaigh,
Ag ceannacht ubhlaí agus ag dúil le mná.
Mac fir uaisle aniar as Árainn,(continues on next page)- Collector
- Seamús Mac Géidigh
- Gender
- Male
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Informant
- Anna Ní Géidigh
- Gender
- Female
- Age
- 62
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal