Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 265

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 265

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 265
  3. XML “Amhrán”
  4. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán (ar lean)

    Maol Mháire Ruaidhe a d'fhág an baile tarnach

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Is i Róise Ní Dhomhnaill aniar as na Rosann a sgríobh an t-amhrán seo. Bhí bó éiginteacht thart fá'n áit agus bhí dúil mhór aicí a bheith ag ithe eudaigh. Chualaidh Róise seo agus ar an bhomaite bhí amhrán déanta aicí fá dtaobh de'n bhó seo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Amhrán

    Cuirim-se ruaig agus slinn ar Árainn

    I
    Cuirim-se ruaig agus slinn ar Árainn;
    Indiú a choidhche nó go dtí lán an Bhráige,
    Sí thug uaim-se na trí feara bréagtha a ba deise i méid agus a b'fhearr i nádúr,
    Rinneadh an scairteach mhór thiar i n-Árainn ag iarraidh o rainn na cladaigh fhágail,
    Imthighigidh sibhses na sibh atá sáiriighthe
    Ní chorróchaidh muid inne go raibh lucht de'n leathach linn.
    Shílmid féin sin go rabh muid láidir agus go ndeánfaimís builidheacht amach an lá sin.
    Ach bhí an sruth róthréan agus an ghaoth mór láidir agus nuair a tháinig an plúchadh níor léar dúinn Árainn.
    II
    A Dhomhnaill Ruaidh bhoicht, a dheartháir dhíls nach dtáinig an t-am duit-se an pósadh a dhéanamh.
    Nach méanáir don mhnaoi óig a bhfuil do phóg i ndán dí, agus nach h-iomdha bean óg do dhiaidh-se cráidhte.
    A Dhomhnaill Uí Ghallchobhair nach trua leat an scéal seo a tháinig chugat le bánú an lae
    Fá do mhac bréagh dóigheamhail a bhí múinte céillidhe agus fios nó a thuairisc le fághail i n-Éirinn.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Mac Géidigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Nábla Ní Fhlaithbheartaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    82
    Seoladh
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal