School: Loch an Iubhair (roll number 16829)
- Location:
- Loch an Iúir, Co. Donegal
- Teacher: Pádraic Mac Giolla Bhríghde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nuair a tiocfadh siad go h-Eirinn go bposfadh siad a’s nach b’fagfadh siad Eirinn go dteo arís. Dubhairt an t-Aingeal go rabh sin ceart go leor.
Tháinig siad go h-Eirinn agus tháinig siad go dtí an áit a rabh siad na gcomhnuidhe dubhairt an t-Iolar “go rabh sé fhéin ag gabhail isteach go bfeicfeadh sé a cuid dhaoine fhéin”. Dubhairt seise nach rabh sí ag gabhail isteach ar cor ar bith.
Dimthigh sí a’s shuid sí thuas i gcrann a rabh tobar ag na bhun. D’iarr sí airsean a gabhail isteach acht gan leigean do dhuine ar bith póg a thabhairt dó nó da dtabharfadh go n-deanfadh sé dearmad daoitise.
Dimthigh sé isteach agus níor leig sé de dhuine ar bit póg a tabhairt do. Acht nuair a bhí sé tamall istoigh thainig cú aníos an t-urlár. Leim se suas ina ucht agus ligh an cú é le sin d’imthigh an t-Aingeal amach as a cuime a’s níor smaointuig sé uirtí ní ba mó.