School: Loch an Iubhair (roll number 16829)
- Location:
- Loch an Iúir, Co. Donegal
- Teacher: Pádraic Mac Giolla Bhríghde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An t-Aingeal san t-Iolar.Bhí ríog agus báinríoghain ann fad ó shoin a’s bhí beirt phaistí aca a dtógail aníos agus an t-ainm a bhaist siad ortha.
“An t-Aingeal agus an t-Iolar. Bhí siad iongantach mór le na chéile agus bheadh siad i gcomnuidhe i gcuideachta a chéile.
Lá amháin rinne siad suas gur cheart daobhta imteacht amach as an tír. Chuaidh siad go dtí an cuan a’s sheól siad leobhta go dtí na tírthe coimhtigheacha. Tháinig cailleach na gcearc isteach ag an bhainriogain agus “ar cualaidh tú an scéal úd arsa seise”.
“Caidhe sin arsan bháinrioghain” “An t-Aingeal agus an t-Iolar a d’imtig amach as an tír”. “Bhal arsan bhainriogain sé dtig linn a rabh sgaoilimid ar mbeannacht leo a’s go gcuirfidh Dia an t-am ortha” acan cearn den domhan a racaidh siad”.
Chaith siad cuid mhór blianta ar siubhal annsin agus lá amhain rinne siad smaointugad go dtiocfadh siad arís na bháile. Dubhairt an t-Iolar(continues on next page)