School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)
- Location:
- An Ghrafaidh, Co. Donegal
- Teacher: Proinnsias Ua Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Ghrafaidh (Graffy)
- XML Page 524
- XML “Pobal an tSléibhe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leis an t-sagart agus d’innis fa’n anas a bhí orra siocair nach raibh pighinn leis an caiptín agus d’innis do fá’n chreach agus gur b’é fear ina pobhall féin a raibh an t-airgead ‘saca san aige. Bhí an Dómhnach ann lá thar na bhárach agus nuair a bí an t-Aifrionn léighte agus an seanamóir deánta ag an sagart, tug sé amach go rabh gaduigheacht deánta ag fear ins an phoball agus an t-airgead a thabhairt suas fad leisean. Lá tar na bhárach go dtabhairfeadh sé dó’n caiphtín é. Táinic lá agus d’imthigh seachtmhain ach níor táinic a’nduine leis an t-airgead. An darna Dómhnach trácht sé aráis agus sé do gaduidhe an t-airgead a thabairt shuas ach ní dhearnadh é. Tamaill in a dhiaidh seo tháinic rud éiginteacht Friotar ar shúboibh fear ins an phoball darbh ainm Creagach agus táinic sé anois fad leis an t-sagart ag iarraidh léighis air. Níor dhubairt an sagart dadaidh ach toiseach scríob ar phaipéar. Nuair a scríobh sé giota thug sé do’n fhear é agus d’innis do a dhul suas fhad leis an Dochtúir Ó Siagail i mBéal ath Seanaigh agus an páipéar a tabhairt do agus go ndeánfadh an dochtúir suas léaghas do.
Rinne sé sin agus nuair a dá mharc an dochtúir ar an páipear seo an rud a bhí sgríobhta air :-(continues on next page)- Collector
- Máighread Máire Ní Bhraonáin
- Gender
- Female
- Address
- An Ghrafaidh, Co. Donegal
- Informant
- Róis Eilis Ní Bhraonáin
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female
- Address
- An Sealgán Beag, Co. Donegal