School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)
- Location:
- An Ghrafaidh, Co. Donegal
- Teacher: Proinnsias Ua Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Ghrafaidh (Graffy)
- XML Page 507
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Gheibheann tú chuir isteach sa mhála seo é. Bhí go maith a’s ní rabh go holc. Ceangal an gadaidhe an rópa thart fa dtaobh Shéaghain agus leig sé síos an simlear é go mall réidh. Ní rabh Séaghan acht giota bheag síos an simlear nuair a bhris an rópa agus thuit sé isteach’ sa luaidh. Mhusgal an torman fear an toighe agus d’éirigh sé. Chuaidh Séaghan siar faoi an leabaidh lás an sean fhear coinneal, acht ní rabh aon rud le feiceal aige acht an chat. Nuair a connaic an gadaidhe do bhí amuigh an solas bhain sé as na fásgaí Tár éis tamaill chuaidh an sean fean i n-a luighe agus chuaidh i n-a chodladh. Caidé fuair Séaghan faoi an leabaidh acht croiceann bollóige agus é iomlan. Chuir sé an croiceann faoi na hasgall agus bhain sé an glas dé’n doras agus ghluas leis. Bhí an oidhche iongantach dorcha amuigh agus ní rabh fhios aige cá rabh a thriall. Sa deireadh chonnaic sé solas i bhfad uaidh agus tharraingt sé ar.
Chuaidh Séaghan fhad leis an fhuinneog agus d’earc sé isteach agus cé bhí istigh acht trí gadaidhthe agus iarnan ór aca da gcunntas. Chuir sé an chnoiceann bolloige air féin, chuir a cheann suas leis an fhuinneog agus glaodh amach “A gadaidhthe gradhna imthegidh libh no marbhothaidh mé sibh” Nuair a chonnaic na gadaidhthe na h-adharca fada bána(continues on next page)- Collector
- Dómhnall Ua Ludhóg
- Gender
- Male
- Address
- An Ghrafaidh, Co. Donegal
- Informant
- Séamus Ua Ludhóg
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An Ghrafaidh, Co. Donegal