School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)
- Location:
- An Ghrafaidh, Co. Donegal
- Teacher: Proinnsias Ua Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leis an tarraingt ar Ghleann Léichín acht bhí dúl agus rún aige a dhul Bealach na Muice. Shiubhal sé leis go rabh neóin bheag agus deireadh an lae ann nó go dtáinig sé fhad leis an Ghleann Mhór. Nuair a bhí sé ag teacht aniar ag Molaidh na Muice fuair sé nead na muice agus ál banbhán innti. Mharbhuigh sé uilig iad le na chlaidheamh agus d’imthigh sé leis ag tarraingt ar a bhaile. Nuair a tháinig an t-sean-mhuc arais ‘na nidhe fuair sí na rudaí óga marbh agus chuir sí boladh an Fheardhomháin aniar roimpi. Fuair sí suas leis ag Srath-Luinsigh. Bhí leisg ar an Fheardhomhán sgaramhaint le na trí hú agus sgaoil sé Luinseach an cú a b’fhearr inntí acht mharbhuigh sí an cú sin gan mórán másla a chuir uirthí féin. Fad a’s bhí an mhuc ag marbhughadh Luinsigh bhí an Feardhomhán ag breith as. Nuair a tháinig sé fhad leis an GHrafaidh chonnaic sé gur mharbhuigh sí Luinseach agus thosaigh sé ag cailleadh uchtaighe acht nuair a fuair sí suas leis scaoil sé an Grafach inntí agus bhain sé féin as amach. Mharbhuigh sí an cú sin agus fuair sí suas leis aráis ag Mín-na-Márach. Scaoil sé an cú deireannach(continues on next page)
- Collector
- Róis Éilís Ní Chába
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Informant
- Bríghid Nic Daibhid
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Address
- Mín na Manrach, Co. Donegal