School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 223

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 223

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 223
  3. XML “An Pledge”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí an t-Athair Seán Breathnach mar sagart paróiste ar Árd Mhór isteach sa 'mach le dathad bliain ó shoin. Bhí an sagart ag tabhairt na pledge amach agus bhí ar gach duine do thóg leis a ainm do scríobh i leabhar. Bhí paróisteánach darbh ainm do Begley agus ní raibh aon fonn air glacadh leis an pledge.
    Bhuail an sagart ina threó agus dúirt sé "Tá sé comh maith agat do ainm a chur sa leabhar seo mar tá gach aoinne eile sa pharóiste tar éis sin do dhéanamh ach tú féin amháin".
    In ionad géilleadh seo mar a dúirt Begley :-
    "Dá mbeinn ag dul go dtí an margadh
    As dá mbeadh an mhaiin go stuacach
    go mbeadh gach srón agus fearthainn
    Am lascadh is am bhualadh
    Mo chosa sa lathaigh dá meascadh 's dá suaithaig
    Greamanna creatha ag gabhail treasna mo ghuailne
    Is mé crampatha, crapatha le h-ana-chuid fuachta
    Ba dhé an cnagaire dearg ba mhaith ar an uair úd
    Chun mé bhogadh chun alluis agus lasair chur im ghruadhanna
    'Sis duine gan tuiscint dhéarfadh liomsa cur suas de.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
      2. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male