Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Peadar Ó Choingealla, saor chloc, a hein an t-amhrán so leanas. Bhí cónaí air i gCnoc na gCloc, gairid do shéipéil na tuaithe i nDéise Mumhan. Tá ós cionn trí fichid bliain ó cumadh é.Shiúlas alán fé dhéin asail no múille
Chuadas go Cill Ghráinne ag déanamh stábla chapaill dom' shiuir
Ansúd a bhí an láirín budh bhreá dábhfaca mé im ; shiúl
Agus fuaireas ar cháirde í go bráth is go mbainfinn an Foghmhar2.
Níl pota ná draé agam féin a chuirfinn 'na drom
Srathar ná raothach, briste, ama ná ughan
Scríobhfaidh mé bhéarsa as Gaeilge dtí Lord Stuairt
Is gheobhad culaith gan aon rud dá mbéigin í a dheanadh as an rud3.
Sí an nádúir is fearr í a tháinigh sa dúthaig seo riamh
Connachtach láireach a tháinigh ó Baile Locha Ríabhach
Má gheibhim-se Lord George go bráth sa dúthaigh seo ag fiadhach
Bainfaid-sa an lá dhe dá mfearr a chuid capall ná an riabach4.
An cúigiú lá Bealtaine gan amhras a chualas an scéal
Bhí fuaim i ngleann agus clann ag an pheadairín mare
Beidh righte agus prionnsaí ó Lonndun ag teacht fé na déin
Is beidh spórt agus greann a bheith rómpa ar mhullach an tsléibhe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann